School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 146
- XML “An Phaidir Gheal”
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Go mbeannuighidh Dia Dhuit a Phaidir gheal
Go mbeannuighidh Dia is Muire Dhuit
Cé'r chodail tú aréir? mar a chodail Mac Dé
Cé chodlóchaidh tú anocht? mar codlóchas na boicht
Cé codlóchaidh tú amárach?Codlóchaidh me i bpárthas
Ceárd é sin Romhat? Tá na h-ainglí
Ceárd é sin in do dhiaidh? Tá na h-easbaig
Ceárd ésin ar do Láimh Dheas? Tá naoi ndeor de uisce an Domhnaigh Chuir Muire liom-sa ag déanamh an eolais ón tír seo go dtí tír Phárthais
Tá Bríghid le' na brat
Is Micheál le na sgiath
agus dhá laímh gheala Dé go glórmhar ós mo Chionn.- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Mairéad Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- Béal an Daingin, Co. Galway
(no title)
“Ó a Pheadair a aspail a árd aspail...”
1) Ó a Pheadair a aspail, a árd aspail, agus a cheád Phápa agus easbog na Róímhe tabhair congnamh dhom le bá maith a fhághail. Ó a Pheadair dílis na leig dhom tuitim in aon Pheacadh indiú nó go dtí lámo bháis Amén!(no title)
“A Mhuire óig a mhaighdeana mháthair tabhair congamh dhom...”
2) A Mhuire óigh a mhaighdean agus a mháthair tabhair congamh dhom le bás maith a fhághail, agus Coinnigh mé in aondaigh leat go deire an t-saoghail feín. Is maith é do ghuidhe a mhaighdean bainnuighthe Ró Naomhtha agus is maith e do mhac mhúirneach feín ar fhulaing tú go leor mar gheall air. Ó a Mhaighdean Mhuire Coinnigh leat feín mé go deire an t-saoghal Amén