School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 137
- XML “Seán Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá sean bhean thiar i Muinnis
Is níl aice ach aon chaoirín amháin
Cheannuigh sí bairille síl
Le féacaint go ndéanfadh sí níos fearrNí Raibh ann acht go raibh an pota ag tigheacht timcheall
Nuair a tháinic Seán Dubh ar an t-sráid
Dhóirt sé amach fud na tíre é
Is a Dhia dhílis nach é a rinne an feáll.Muise a Sheáin Dhuibh nár shárthuigh tú an oídhche
Is nár shárthuigh, ná an mhí a bhfuil tú ann
Mar is measa tú go mór ná an Mac Tíre
Nuair a ghoideadh sé na gamhna d'en áillNí Chaithim aon ghail as an bpíopa
i bportach ná in inse ná i ngleánn
Nach mbéidh Seán Dubh ar uair a mheadhon oidhche
Ag súil le gur poitín a bheadh ann.- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Tomás Ó Ceallaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Tuairín Mín, Co. Galway