School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 095
- XML “An <span class="exact">Cailín</span> <span class="exact">Bán</span>”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1
(i) A Pháidín óg má éaluigheann tú liom (ii) Amach faoi na coillte is faoi bharra na dtonn (iii) Tiubharfadh mé phóg dhuit is pósfaidh muid ann (iv) is racaidh muid gach oidhche a chodladh go sámh.
2.
Ó nach tú atá go maith dom a chailín óg breágh
Racaidh mé chun na coille agus béidh muid i ngrádh
Ach fan go dtí an samhradh agus béidh mé sgór bliadhain is lá
Agus sin é an t-am is deis' imtheacht le mná
3.
Ach a Pháidín mo chroidhe istigh is fada liom an lá
Go mbeidh muid ag an sagart agus tú ingréim in mo láimh
An duilleabhar glas i mo láimh agam agus mé ag gáire le h-áthas
Agus muid pósta le céile go deo faoi shástacht
4.
Is fíor dhuit a chailín is fíor dhuit a ghrádh
Tá an ceart agat a bhuachaill go mairidh tú slán
Nach orainn a bhéas an t-áthas nuair a tiocfas an lá
Agus béidh muid ceangailte le chéile arís go bráthach
5.
D'imthigh siad ó chéile annsin go slán
Agus níor facadh (facas) aon amharc ar an gcailín go bráthach
Tá mé ag ceapadh gur ag magadh fúm a bhí an cailín bán
Ach is gearr go dtiocfadh Páidín bocht i gcóntra cláir- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Pádhraic Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Doire Fhatharta, Co. Galway