School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 230
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
- XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sí te d'imthigh sí fhéin agus a mac agus thug sí a beannacht don ghabha. Sin é an fáth go bhfuil an t-ádh air ó shoin agus an míádh ar na tinncéaraí.
- 4.
Aon oidhche amháin bhí an Mhaighdean Bheannuigh[the] agus a mac ag imtheacht ó na saighdiúirí agus bhí an oidhche an-fhliuch. Bhí sí ag imtheacht léithe nó go dtáinig sí chómh fada le teach beag. Chuaidh sí fhéin agus an páiste isteach agus ní raibh istigh roimpi acht bean a' tíghe agus a mac. Bhí an-fháilte roimpi annseo agus d'iarr sí ar bhean a' tíghe cupla fata a chur san teine dhi fhéin agus don pháiste. Mharbhuigheadar laogh freisin agus d'fhan an Mhaighdean Bheannuighthe go maidin. Nuair a bhí an méid sin ithte aca bhí bean a' tíghe le cáca a chur síos acht ní raibh aon ghráinne plúir san teach aice agus dubhai[rt] an Mhaighdean Bheannuighthe léithe go raibh. Dubhairt bean a' tíghe arís nach raibh agus dubhairt an páiste a bhí [!] mbaclainn na Maighdeana Beannuighthe go raibh. Chuaidh sí suas annsin agus is geárr go bhfaca sí an mála lán le plúr agus ghlac sí buidheachas le Dia.- Collector
- Maighréad Nic Donnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Laighidh
- Gender
- Male
- Age
- 96
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gólam, Co. Galway