School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 272
- XML (no title)
- XML (no title)
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Aon lá amháin bhí fear ag imtheacht le gunna.”
(continued from previous page)272(no title)
“Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta.”
6. Bhí fear ann fadó agus bhí sé pósta. Aon lá amháin chuaidh sé amach ar fiadhach. Chonnaic sé rón ar charraig agus mharbhuigh sé é agus bhain sé an croiceann dhe agus dhíol sé é. Cupla lá in a dhiaidh sin rugadh in ghean dhó agus bhí lámha uirthe mar atá ar rón. Sin é an fáth nach bhfuil sé ceart iad a mharbhughadh.
Bíonn muc mhara san bhfairrge freisin.
Seo sgéal eile a chuala mé.- Collector
- Maighréad Nic Donnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
(no title)
“Bhí bean ann fadó agus lá amháin bhí sí ag níghead inaice le loch mhór.”
7. Bhí bean ann fadó agus lá amháin bhí sé ag nígheadh inaice le loch mhór. Ní raibh sí i bhfad ann nó go bhfaca sí rud eicínt agus a cheann aníos as an uisge aige agus céard a bhéadh ann acht capall uisge. Ar an bpoinnte is a chonnaic an bhean í thuit sí as a seasamh agus ní raibh aon cainnt aice agus níor mhair sí acht leath-laé.(no title)
“Bhí fear ag iasgach fadó agus chonnaic sé Maighdean mhara agus bhí sí ag imteacht indiaidh an bháid i gcómhnuidhe agus ní rabih sé ag fághail breac ar bith.”
8. Bhí fear ag iasgach fadó agus chonnaic sé Maighdean mhara agus bhí sí ag imtheacht indiaidh an bháid i gcómhnuidhe agus ní raibh sé ag fághail breac ar bith. Ní raibh fhios aige céard a dhéanfadh sé agus chuala sé guth ag rádh agus seo iad na focla a dubhairt an guth.
Bí socair a chaillighe,
Buail do cheann fút,
Nó go marbhuighidh sé an t-iasg.
Nuair a chuala an Mhaighdean Mhara na focla(continues on next page)