School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 279
- XML “Scéalta Greannmhara”
- XML “Scéalta Greannmhara”
- XML “Scéalta Greannmhara”
- XML “Scéalta Greannmhara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)phingin, péire ar phingin, agus ceann ar thada."
- 5.
Bhí fear ann uair amháin agus dubhairt sé le fear eile, "Tuige a mbíonn tú ag tarraingt an wheelbarrow in do dhiaidh in ionad é a bheith rómat. D'fhreagair an fear agus dubhairt sé, "Ní maith liom a bheith ag breathnughadh ar an wheelbarrow mar ní bhreathnuigheann sé go deas. - 6.
Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag iarraidh beirt chailíní a phósadh. Faoí cheann tamaill d'imthigh sé as a thír mar gheall go rabhadar ag magadh faoí. Bhí a mháthair ins an teach lá agus bhí an-bhrón uirthe gur imthigh sé uaithe. Bhí sean-chat ins an teach agus chuir sí síos ins an túlán é le olc. Thosuigh an cat ag sgreadach agus rith an bhean amach mar cheap sí gur sídheóg a bhí san seómra agus d'fhág sí an cat san túlán.- Collector
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Age
- 59
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- 7.
Bhí fear ann fadó agus lá amháin chuaidh sé chuig an aonach ag ceannacht pluid. Fuair sé an phluid agus chaith sé ar a ghualainn í agus nuair a bhí sé leath-bealaigh abhaile cháill sé an phluid. Nuair a tháinig sé chuig an teach d'fhiafruigh a mháthair dhe cá raibh an phluid agus dubhairt sé gur cháill sé í. Ara, a Sheáinín a amadáin adeir a mháthair tuige nar chaith tú ar do ghualainn í. Chuaidh sé lá eile chuig an aonach ag ceannacht asail agus nuair a bhí sé ag dul abhaile chaith sé an t-asal ar a(continues on next page)