School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 273
- XML (no title)
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ag iasgach fadó agus chonnaic sé Maighdean mhara agus bhí sí ag imteacht indiaidh an bháid i gcómhnuidhe agus ní rabih sé ag fághail breac ar bith.”
(continued from previous page)seo d'imthigh sí síos ins an bhfairrge agus ní fhaca an fear níos mó í.(no title)
“Bhi each uisge ann fadó agus bhí searacha óga aice san bhfairrge.”
9. Bhí each uisge ann fadó agus bhí searacha óga aice san bhfairrge. Bhí fear ag dul thart agus chonnaic sé an t-ehach uisge agus bhí sé ag iarraidh í a mharbhughadh agus níor fhéad sé. Chuaidh sé abhaile agus tamall maith in a dhiaidh sin thug sé bád leis agus tháinig sé thart san áit a raibh an t-each uisge agus níor chuimhnigh sé an raibh sé ann chor ar bith. Fá cheann tamaill d'eirigh sí suas chuige agus báthadh é. Deirtear dá bhfuair sí thú sul dá bhfeiceadh tú í nach mairfeadh tú acht bliadhain.- Collector
- Maighréad Nic Donnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
(no title)
“Aon uair amháin bhí beirt fhear ann agus sé an cheird a bhíodh aca ná ag marbhughadh róinte.”
10. Aon uair amháin bhí beirt fhear ann agus sé an cheird a bhíodh aca ná ag marbhughadh róinte. Aon lá amháin chuaidh siad amach ar an bhfairrge ag marbhughadh róinte agus ní raibh siad i bhfad amuigh nuair a chaith siad rón agus nuair a chaith siad é tháinig ceó mór. Ní raibh a fhios aca chor ar bith cá raibh siad agus d'iarradar ar Dhia dá dtagaidís slán an lá seo nach marbhóchaidís aon rón arís go brách. Níor bhfada na dhiaidh sin nó go bhfaca siad oileán agus sé an tainm a bhí air ná Ára bheag agus d'fhan siad tamall ann agus is gearr gur cailleadh iad.
Ainm an sgoláire:-
Maighréad Nic Dhonnchadha
leitirmaoláin, Co. na Gaillimhe.