School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 131
- XML “Pislín agus Straoillín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí lánamhan ann uair amháin agus 'Pislín' a tugtaoi ar an bhfear agus 'Stroíllin' ar a bhean agus níor bréag sin a thabhairt uirthí mar gur óinseach mhór a bhí innte. Bhí gáirdín breagh cabáiste aca agus ní raibh aca de beithidhigh acht aon bhó amháin. Chuimhnigh sé lá amháin go mbfearr dó an bhó a mharbhú chun bruth leis an gcabáiste agus é do leasadh. Bhí go maith. Mharbhuigh sé an bhó agus chuir sé salann uirthí.
Lá a bhí sé ag imtheacht ó bhaile dubhairt sé len a bhean béile maith fatai a bheith roimhe mar go mbeadh ocras air agus an cabáiste a bheith leasuighthe go maith aici leis an mairtfheóil. Níor thuig Stroíllín aon sgéal i gceart riamh agus níor thuig sí an ceann seo i gceart acht an oiread.
Nuair a bhí a fear imthighthe tamall fuair sí a sgian agus ghearr sí an feól in a phíosai beaga go dtí nach raibh fágtha sa soitheach acht cúpla píosaí feóla. Thug sí léithe na píosaí beaga annsin agus chuir píosa amháin le gach crann cabáiste a bhí sa gháirdín.
Nuair a d'fill a fear tráthnóna connaic sé madrai an bhaile ag dul isteach agus amach sa ngáirdín agus chuaidh sé féin isteach sa ngáirdín go bhfeiceadh sé céard a bhí bun ós cionn ann. Nuair a chuaidh sé isteach an geata “In ainm De” ar seisean agus coisrigh sé é féin.” Tar éis tamaill thuig sé an sgéal agus níor fhéad sé aon phíosa de a fhaghail mar go raibh sé gar do bheith imthighthe ag na madraibh agus an méid nach raibh bhí sé salach le creafóig. Nuair a chuaidh sé isteach chuig a bhean chuaidh sé san áit a raibh an fheóil agus nuair chonnaic sé nac raibh fágtha ar thóin an tsoithigh acht cúpla píosa d'iarr sé dí(continues on next page)- Collector
- Cáit Seóighe
- Gender
- Female
- Address
- Tamhnaigh an Lín, Co. Galway
- Informant
- Pádraig Seóige
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Tamhnaigh an Lín, Co. Galway