School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 133
- XML “Pislín agus Straoillín”
- XML “Seanfhocail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí fhios aca gurabh iad na sidheóga a bhí ann, sgaoil an bean na splanncai a bhí in a áprún aici anuas in a mullach agus stop an gleó agus an torann ar feadh tamaill acht thosuigh siad arís.
Dubhairt an bhean go mbearr dóibh an doras a sgaoileadh in a mullach, agus sgaoil. Nuair a d'airigh na sidheóga an torann bhaineadar as na bonnachaibh. Shíleadar gurabh amhlaidh a buaileadh dhá chláir an domhain ar a chéile agus d'fágar an tairgead, an bord agus gac rud eile annsin.
Nuair a fuair Pislín agus Stroíllín imthighthe iad, tháinigeadar anuas den chrann, thugadar an t-airgead agus gach ní eile le maith a bhí ann leo. Ní dheacadar níos fuide ar an dturas acht chuadadar abhaile agus bhíodar saidhbhir sáthach uaidh sin amach.Cáith Seóighe
Tabhnalín
Fionnmhuighthe
An Fháirche.Tá Cáit ag dul ar sgoil freisin agus í sa seachtmhadh ranng. Cuala sí an sgéal seo ón a athair Pádraig Seóige atá gar do leithchead blian 1935. - Is milis d'á ól é agus is searbh dá ioc é.
Is fusa an rud a rádh na a dhéanamh.
Is iomdha lúb maith a bhaintear as a gcáilidheacht.
Faghann na ba bás an fhad is bhíos an féar a' fás.
Níor táinig ciall roimh aois.- Collector
- Seán Ó Cúinin
- Gender
- Male