School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 136
- XML “Bó na Sióg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bó na Sidheóg
------------
Bhí fear bocht ann fadó agus ní raibh aige acht aon bhó amháin. Bhí go maith agus ní raibh go dona. Ní fada go bhfuair an bhó bás acht d'fhág sí laogh óg 'na diaidh. Cheangail an fear an laogh ar chuaille amuigh sa ngarraidh. Thug sé fá deara go raibh an laog ag ath 's ag méadhadh 's gan aon deór bhainne le fáil aige.
Maidin amháin d'eirigh an inghin ba shine roimh eirig na gréine. Céard a d'feicfeadh sí acht an bhó ag tabhairt dhiúbhal do'n laoi. Glaodh sí ar a hathair agus dubhairt sí leis eirighe. Bhí go maith. D'eirigh an t-athair agus chuaidh sé amach acht bhí an bhó imthighthe. “Mo choinnsias, a chailín, ar seisean ní imtheóchaidh tú chómh h-éasgaidh anbárach! Maidin lae ar na bhárach, bhí sé ina shuidhe roimh eirighe gréine. Chuaidh sé amach agus bhí an bhó sa gharraidh. Rith sé i ngan fhios (dí) agus rug sé greim rubaill uirthí. Rith an bhó agus seisean in a diaidh. Bhí siad ag imtheacht leobh mar sin nó go dtáinig siad ag bord aille. Tháinig faitchios ar an bhfear agus sgaol sé a ghreim. “Is cuma liom anois” ar seisean “beo no marbh acht coingbheochaidh mé mo ghreim anbárach.”
Bhí go maith. Rinne sé an cleas céadna an triomhadh maidin. Congbhigh sé a ghreim no go dtáinig sé ar bhord na haille acht bhí an aill chómh réidh le talamh bán. D'imthigh sí léithe no go dtáinig sí isteach sa lios. Teach mór fada a bí sa lios agus doras ins an mbinn. Bhí sé déanta ins an seomra leis suas. Choingbhigh sé a ghreim ar an mbuin agus chuaidh an bhó léithe suas i gceann a' tighe san áit a mbíodh sí ceangailte i gcómhnaidhe. Ag doras an tseomra bhí fir ceirde in a suidhe agus iad ag cur fáilte roimhe in a ainm agus a shloinne agus gan fhios aigesean cérbh iad. Ní bhíonn aon tóir ag na sidheógaibh ar easgainí agus thosuigh sé go raibh(continues on next page)- Collector
- Séamus Seoighe
- Gender
- Male
- Address
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Informant
- Sean Seoighe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Seanadh Farracháin, Co. Galway