School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 152
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)152
47.Céard é an rud is luaithe ins an domhan Freagra:Amharc do shúil
48.Ceathrach cúigear Clann Uí Dhómhnaill,
ag dul 'un(chun) na coille maidin Domhnaigh,
na crainn a bhaineadar d'fhágadar ina ndiaidh iad,
agus na crainn nár bhaineadar thugadar leo iad
Freagra: Ceithre seabhac ag troid agus iad ag baint na sgiath dá chéile
49.Céard iad na trí rudaí is géire ar domhan Freagra: Súil seabhaic ar bhárr aille, súil chait in
dhiadh luch agus súil caillighe in dhiaidh bean a mic.
50.Máilín cluaith clúmha ag dul soir an loch Freagra: Eala
51.Gearáinín babalta cocalta dona siubhalfaidh sé Éire agus ní fliuchfaidh sé bonn fé Freagra: beach
52.Tá sé níos gile ná bainne, is ní bainne é,tá sé níos deirge ná fuil is ní fuil é,
Tá sé níos duibhe ná daol agus ní daol é , céard é Freagra: Smear (Sméar sílim atá i gceist?)(continues on next page)- Collector
- Máighread Breatnach
- Gender
- Female
- Address
- Cnoc na Fuaiche, Co. Galway