School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 166
- XML “An Chaoi a bhFuair an Seantincéir a Bhean”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Chaoi A Fuair an Sean Tinncéar a Bhean
Bhí sé lá amháin ar an aonach agus chonnaic sé bean ar an tsráid. "Sead " ar seisean leis féin " is rí dheas an bhean í sin, ba mhaith liom go mbeadh sí agam".
Lá ar na bhárach chómh luath agus d'éirigh sé, ghléas sé é féin agus d'imthigh leis ag tóraidheacht tighe na mná seo. An chéad teach a tháinig sé isteach ann sin é an áit a raibh sí.
Bhí sí ag dul ar fuaid a' tighe ag feisteadh an tighe nuair a tháinig sé isteach "Bail ó Dhia ort" ar seisean "An mbeitheá sásta mé a phósadh". "Bheadh" ar sise "ach aon rud amháin caithfidh tú airgead an phósta d'íoc." "Tá sin sáthach ceart" adeir sé. Rinnead an margadh agus pósadh an bheirt agus tháinig siad abhaile.
Agus sin é an chaoi a bhfuair sé a bhean nuair nach raibh aon duine istigh ag breathnú air. (no title)
“Céard iad na trí súilí is géire amuigh”
Céard iad na trí súilí is géire amuigh Freagra: Súil fiolar i mbeann,súil gadhair i ngleann agus súil óigbhean in diaidh a stórach.
Céard iad na trí rudaí is fuaire amuigh. Freagra :Srón mhadaidh, tón caillighe agus deór aille.
Céard iad na trí droch nósa .Freagra: Ag ól a' g(h)loine, ag caitheamh a phíopa 's ag siubhal na drúchta le com na hoidhche
Máirtín Ó Coidhin, Seanafearachan- Collector
- Máirtín Ó Coidhin
- Gender
- Male