School: Seanafarachán (roll number 12646)

Location:
Seanadh Farracháin, Co. Galway
Teacher:
Seán Mac An Ríogh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 182

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 182

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Seanafarachán
  2. XML Page 182
  3. XML “An Eascú”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D'imthigh sé annsin go ndeachaidh sé isteach chuig teach feilméara. D'iarr an feilméara dhó cá raibh sé ag dul agus dubhairt sé go raibh sé ag iarraidh fhághail amach thuige ar cuireadh a athair lá fliuch agus a mháthair lá breagh?
    Dubhairt an feilméara leis annsin a bhfuigheadh sé amach tuige a raibh braon ag tuitim i gclúais a mhic chuile oidhche agus dubhairt sé leis go mbeadh air dul treasna abhann agus go mbeadh eascú eile ann. Fuaradar maide dhó agus dubhairt leis nuair a bhéadh sé ag dul treasna é a bhualadh ar an gcloigeann agus é a mharbhú. D'imthigh leis agus nuair a bhí sé ag dul treasna na habhann, bhuail sé an eascú ar an gcloigeann agus mharbhuigh sé é.
    Bhí sé ag imtheacht leis annsin go dtáinig sé go dtí gáirdín. Bhí fear ann agus bhí sé ag an ngeata agus d'fiafruigh sé do Mhicheál cá raibh sé ag dul. Dubhairt sé leis go raibh sé ag iarraidh fhághail amach tuige ar cuireadh a athair lá fliuch agus a mháthair lá breágh. Dubhairt a' fear leis annsin "Is mise t-athair agus táim in mo gheatóir ar a bhflaitheas mar ghealt go raibh mé chómh maith do na bochtaibh". Dubhairt sé annsin gurbh' í a mháthair a bhí ag teach roimh an lad na heascoin mar ghealt air go raibh sí go dona leis na bochtaibh.
    D'iarr Micheál air annsin tuige an raibh triúr gréasuighthe in a leitheid seo d'áit ag obair ó Luain go Sathairn agus gan aon airgead d'á bhailú aca. Dubhairt sé go rabhadar ag obair ró mhall tráthnóna Dia Sathairn. Mara n-oibreóchadh siad acht go dtí an dinneára Dia Sathairn bhéadh rud d'á bhárr aca.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish
    Collector
    Antoine Seóighe
    Gender
    Male
    Address
    Tamhnaigh an Lín, Co. Galway