School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus gan seasamh a dhéanamh. Rinneadar sin agus d'imthigh an charraig in a splindreacha agus deirmse leat nár mhór dóbhtha an luathas a bhí ionnta.
Ba é buachaill annsin an fear ba mhisneamhla ar domhan agus chuaidh sé abhaile is bhí sé saidhbhir sáthach uaidh sin amach. - An Fear Agus Na Ciseáin.
Bhí fear agus bean ann fadó agus bhíodar an-bhocht. Bhí an bhean an slachtmhar. Annsin bhíodh captaoin ag teacht ar chuairt chuca go minic nuair a thagadh sé chun cuain. Lá amháin dubhairt sé leóbh teacht amac, leis an tráthnóna a chaitheamh agus chuaidh.
Nuair a bhí siad teannta amach sa bhfairrge d'iarr an captaoin ar a' bhfear seo cia b'fearr leis é a chaitheamh amach ar a' bhfairrge nó a leigint amach ar phlannc. Dubhairt an fear go mbfearr leis dul ar phlannc agus d'imthigh sé leis mar sin. Ag iarraidh déanamh mór leis an mnaoi a bhí an captaoin agus sin é an fáth gur chaith sé an fear amach ar phlainnc.
Bhí an fear ar an bplannc ag imtheacht nó go dtáinig sé go dtí oileán. Chuaidh sé isteach ar an oileán agus ní raibh dada le nithe aige acht ag ithe toradh, ubhla agus oráistí agus go leór leór eile mar sin. Ní(continues on next page)- Collector
- Máire Seoighe
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Tamhnaigh an Lín, Co. Galway
- Informant
- Tomás Seóighe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Tamhnaigh an Lín, Co. Galway