School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 251
- XML “Fear na Stocaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nár athraigh sé aiteacha sa leabaidh leis an mac a bhí in a shlán codhladh. Tharraing an chailleach buille de thuagh agus bhain sí a chloigeann d’á mac. “Bhail is olc é do chuid oibre” adeir fear a tighe.
Bhí go maith. Tharraing sí an corp as an leabaidh un a chuardach agus a chur acht nuair a d’imthigh an chailleach ón seomra d’éaluigh an lad amach an fhuinneóg agus thug do na bonnaibh é. Ara a stór mo chroidhe nuair d’airigh an chailleach an botún a bhí déanta aici d’imthigh sí le bánaidh. Amach sa stábla leí agus thug trí ghadhair lei agus lean siad an buachaill go dian agus go géar.
Bhíodar ag imtheacht leo agus ag imtheacht leo agus ag síor imtheacht trí cnuic agus trí ghleannta trí phortaigh agus trí riasgaí. Nuair a bhí seisean ar an árdán bhí sise ar an ísleán agus nuair a bhí seisean ar an ísleán bhí sise ar an árdán. Fé dheireadh is fé dheoigh d’airigh sé gadhar ag teacht air. “Beir air a Grappler adeir an chailleach agus rug. Istigh i bpoll lában a rug an gadhar ar an lad agus níor fhéad sé imtheacht.
Bhí an cailín ag teacht ní ba gíorra agus ní ba ghiorra agus ní ba giorra na a chéile gach nóméad. Bhí fhios ag an mbuachaill bocht go raibh an phásaoid gléasta féin a chómhair. Acht pé corr a rinne an gadhar nár caith an buachaill thar a gceann(continues on next page)- Collector
- Seán Mac An Ríogh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Máirtín Ó Choidhin
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Dúleitir, Co. Mayo