School: Coill Maolacáin (roll number 12644)
- Location:
- Béal Átha na mBreac, Co. Galway
- Teacher: Anna M. Ní Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Coill Maolacáin
- XML Page 260
- XML “Nósanna Nollag”
- XML “Pisreoga Lá Nollag Beag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an chead coinneal a lasadh Oidhche Nodlag. Cuirtear cuileann agus eidheann suas i ngac teac Oidhche Nodlag le h-aghaidh an tighe a dheasú i n-onór Iósa.
Ní fhagann aon dhuine ar bith a teac féin Oidhche Nodlag. - Pisreóga Lá Nodlag Beag
--------------------
Ní caithtear amac aon salacas nó an luaith Lá Nodlag Beag ar fhaitchios go gcaithtear amac an t-ádh.
An rud bheadh tú ag deanamh agus an caoi a bheadh ort Lá Nodlag Beag, bhead tú ag deanamh an rud céana agus beadh an caoi céana ort ar feadh na bliadhna.
Dá mbheadh tuilte móra ann Lá Nodlag Beag, bheadh na h-aibhne líonta ar feadh na bliadna.
Ní chuirtear amac aon airgead Lá Nodlag Beag, ar fhaitchios go mbeadh siad á gcur amac é ar feadh na bliadhna.
Lasann cuid de'n na daoine dá choinneal deag Oidhche an Dá Lá Déag i n-onór an dá Abstal déag.(continues on next page)