School: Coill Maolacáin (roll number 12644)
- Location:
- Béal Átha na mBreac, Co. Galway
- Teacher: Anna M. Ní Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Coill Maolacáin
- XML Page 274
- XML “Achadh Cabhair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Márta 29ádh 1938.Achaidh Cabhair.Bhí Éire lán le nathraca nimhe fadó acht cuir Naomh Pádhraic faitchíos ortha agus bhiodh siad ag rith uaidh.
Lá a bhí Pádhraic Naomhtha agus a chára Fintin ar a mbealac go dtí an Chruach. Bhí Fintin scathamh beag roimh Pádhraic agus bhí na nathraca go tuigh ar gach taobh de agus mharbhuigheadar é.
Nuair chonnaic Naomh Pádhraic a chára dhilis marbh. Bhí sé an-bhronach mar bhí an-grádh aige air agus thoisigh sé ag guidhe, chomh luadh agus abhí a pháidir ráidhte d’éirigh Fintin suas beó agus slán is bhí sé ariamh. Annsin chuaidh an beirt aca ar a glunaibh agus thugadar moladh agus buidheachas do Dhia. Dubhairt Naomh Pádhraic go ndeanfadh sé cill ins an áit i n-onóir an cabhair mór do thug Dia dhó agus glaoidh sé Acaidh Cabhair ar an áit agus tá an t-ainm ar an áit ó shoin.
Rinne sé an cill ann, nuair léigh sé a chéad Aifreann ann chuaidh sé suas an Chruach agus dhibir sé na nathracha uilig as Éirinn.(continues on next page)- Collector
- Anna M. Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir