School: Coill Maolacáin (roll number 12644)

Location:
Béal Átha na mBreac, Co. Galway
Teacher:
Anna M. Ní Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 295

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 295

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Maolacáin
  2. XML Page 295
  3. XML “Scéal faoi Phúca”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí fear in-a gcomnaidhe i nDún Mór i gCo. na Gaillimhe fadó. Bhí an-grádh aige ar ceól acht ní raibh sé I ndan foghluim acht port amháin – sé an t-ainm a bhí air “An Rógaire Dubh”. Oidhche amháin bhí sé ag teacht abhaile ó teach a raibh damhsadh ann agus bhí sé ar misce. Tháinig púca taobh shiar dhó agus chaith sé shuas ar a dhruim é. Dubhairt sé choinnigh greim ar an dhá adhairc sin atá suas as mo cheann. D’iarr an fear air. “Cén áit raibh sé dhá thógáil”? Dubhairt sé go raibh sé ag dul go féasta a bhí ag na sidheógaibh ar Cruaich Pádhraic. Ní raibheadar moiméad ag dul go dtí an Chruaich. Bhuail an púca a chos trí h-uaire ar an talamh agus bhíodar I dteach breagh a raibh daoine ag ithe agus ag ól ann.
    D’fág an púca sa mbaile arís é, acht ar a mbealach abhaile bhí sé ag bualadh an fhir bocht le slat mór go raibh sé beagnach marbh. Níor tháinig sé isteach ar misce in – adhiaidh sin agus bhí sé in-a phiobaire is fearr I nGaillimh uaidh sin amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Stancháird
    Gender
    Female
    Informant
    Eilís Ní Mháille
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Address
    Béal Átha na mBreac, Co. Galway