Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 063](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0075%2FCBES_0075_063.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 063
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí sé ag imtheacht go dtáinic sé go Béal Átha na Sluagh agus casadh isteach ag fear é a raibh ceardcha dúbalta aige.
Díarr sé obair air agus fuair sé sin. Nuair a thosaigh sé ag obair thug an gabha faoí deara go raibh sé thar cíonn agus bhí go leór obair deas le déanamh aige acht nuair a bhí coighcios shuas bhí an obair uilig déanta.
"Tá brón orm ars an gabha nach féidir liom thú a choinneál níos fuide mar is tú an gabha is fearr a sheas i mo ceardchain ariamh." Níl aon neart air ars an fear óg ag bualadh bóthair.
Dimthigh leis annsin agus ní dhearnaidh sé suidheamh gearr no seasamh fada go dtáinic sé go Béal Átha Luain. Bhí gabha eile annsin a raibh go leór oibre ar a láimh. Diarr sé obair air fuair sé sin agus fáilte. "Bhfuil tú stumaí ars an gabha nó abaltai ar obair deas a dhéanamh". Innseochaidh mo chuid oibre sin dhuit arsa fear an Chlocháin.
Thug an gabha ball dó le déanamh annsin agus dfhair sé é ar feadh tamaill agus thug sé fé deara go raibh sé cumasach. Dfhan sé annsin ar feádh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártain Ó Spealáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. Galway