Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)trí bliadhna agus chuaidh a cháill i bhfad is i ngearr le'n fheabhas de ghabha. Anois bhí an saoghal go dona agus bhí an obair ag fághail gann agus ní raibh tada le deanamh acú. Ní maith liom scáradh leat ars an sean ghabha acht tuibhraidh mé mo áit dhuit agus m'inghean le posadh má fhanann tú agam. Is maith liom sin fhághail arsa fear an Chlocháin.
Pósadh iad agus dfhan siad i gcomhluadar a chéile ar feadh bliadhaintí fada nó gur chailleadh an sean ghabha. Nuair nach mbíodh aon obair ceardchan le deanamh aige bhíodh sé ag obair ins na pairceanna is ní raibh páirc ag gábhail leis nach raibh geata iarann air. Bhí go maith is ní raibh go dona bhí páirc mhór cruithneachta aige an bliadhain seo a bhfuil mé ag trácht air agus chuaidh sé amach maidin go bfeicfheadh sé a raibh sé ionnad a ngearrtí, an chéad rud a thug sé fé deara an geata briste agus an chruithneacht ithte, leagtha. Is beag nár bhris a chroidhe le brón nuair a chonnaic sé an íde a bhí air. Ní raibh le déanamh aige(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártain Ó Spealáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe