School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 065
- XML “Scéal - Fear an Chamáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)acht an gheata a dheasú agus dul abhaile.
Chuaidh sé amach ar maidin lár na mháireach arís agus céarb íde a bhí air an lá roimhe sin is seacht measa a bhí sé an lá seo. Dheasigh sé an geata arís agus chuaidh abhaile. Dinnis sé an cás de'n mnaoi agus deir sé "dá mba é an diabhail as Ifrinn atá ag déanamh na hoibre bearfhidh mise anocht air." Dimthigh leis le tuitim na hoidhce agus chuaidh sé i bhfolach taobh istigh den gheata. Ar uair a dhódhéag chuala sé torann mór ag teacht. Céard a bheadh ann acht tuirim dhá sgór capaill agus marcaigh ortha agus cumán ag a chaon fear. Bhris siad isteach thríd an geata léim na caiple agus sgaoil ar fud na páirce iad. Bhí fear mór amháin ina ndiaidh aniar ar chapall bán agus é gléasta i gculaith uasal. Léim sé dhá capall. Leag uaidh an chumán agus bhí ag chaitheamh dhe a chota nuair a deirigh an gabha de léim agus rug ar a gcumán. "Ó torm é sin" ars an fear mar tá cluicthe mór báire le imirt annseo anocht". Nach beag an náire oraibh ars an gabha agus an báil(continues on next page)- Informant
- Mártain Ó Spealáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway