School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 067
- XML “Scéal - Fear an Chamáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)oibre. Rinne sé amhlaidh acht níor eirigh leis aon obair a fhághail ann acht cúpla míle amach ón mbaile mór agus an oidhce ag teacht casadh ar theach duine uasail. Díarr sé loisdín oidhce air. "Níl aon áit annseo agam duit ars an duine uasal acht an bhfeiceann tú an teach mór annsin thall". "Cím" ars an gabha. "Má chaitheann tú an oidhche annsin ars an duine uasal tuibhraidh mé neart le nithe agus le n-ól duit, teine maith agus leabhaidh agus fiche punt ar do láimh ar maidin acht níl aon fhear a chaith oidhche ariamh ann nár tháinic amach marbh ar maidin". "Is cuma liom ars an gabha má chuireann tú an fiche punt abhaile ag mo mnaoi caithfidh mé an oidhche ann beo ná marbh". "Tá an margadh déanta ars an duine uasal ag cur an airgid i litir le chur abhaile ag a mnaoi".
Thug an duine uasal leis go dtí an teach mór é, chuir síos teine mhaith sa gcistineach, leag bord aige le togha agus rogha gach nidh le nithe agus le'n ól air. Chas an eochair sa nglas, bhailigh(continues on next page)- Informant
- Mártain Ó Spealáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway