Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)oibre. Rinne sé amhlaidh acht níor eirigh leis aon obair a fhághail ann acht cúpla míle amach ón mbaile mór agus an oidhce ag teacht casadh ar theach duine uasail. Díarr sé loisdín oidhce air. "Níl aon áit annseo agam duit ars an duine uasal acht an bhfeiceann tú an teach mór annsin thall". "Cím" ars an gabha. "Má chaitheann tú an oidhche annsin ars an duine uasal tuibhraidh mé neart le nithe agus le n-ól duit, teine maith agus leabhaidh agus fiche punt ar do láimh ar maidin acht níl aon fhear a chaith oidhche ariamh ann nár tháinic amach marbh ar maidin". "Is cuma liom ars an gabha má chuireann tú an fiche punt abhaile ag mo mnaoi caithfidh mé an oidhche ann beo ná marbh". "Tá an margadh déanta ars an duine uasal ag cur an airgid i litir le chur abhaile ag a mnaoi".
Thug an duine uasal leis go dtí an teach mór é, chuir síos teine mhaith sa gcistineach, leag bord aige le togha agus rogha gach nidh le nithe agus le'n ól air. Chas an eochair sa nglas, bhailigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártain Ó Spealáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe