School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)
- Location:
- Cluain Brón, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Ghiobúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ngach áit ann. Nuair a chonnaic sí iad rith sí go tapaidh. Thug sí ceangal bó amháin léithe. Nuair a shroich sí an pháirc chonnaic sí go raibh pota deas óír faoí bhun chrainn bhig. Bhí an oiread deifir uithi nár thóg sí an pota óír léithe.Do bhí an pota óir suidhte go deas faoí bun an chrainn. Thug sí fá dheara go raibh "tóg é agus béidh tú saidhbhir sgríobhta air. "Tógfaidh mé é nuair a bhéas na beithidhigh amuigh agam" ar sise léithe féin. Leis sin cheangal sí ceangal na bó don chrann a riabh an pota óir faoí sul a chuir sí amach na beithidhig, sa gcaoí go mbeadh fhios aici an áít a raibh sé.Nuair a bhí na beithidhigh amuigh aicí tháinig sé ar ais chun an t-ór d'fághail. Acht mo léan ní raibh tásg ná tuairisg dhe. Leis sin chonnaic sí go raibh ceangal bhó ar gach crann bheag a bhí sa bpáirc. D'fill sí abhaile go brónach gan an pota óir a bheith aici.'Sé an t-ainm a bhí ar an bpáirc sin "Páirc an Ghréasaidhe. Greasaidhe leipreachán deirtear a bhí in a chomhnuidhe ann, agus go raibh a lán airgead aige. Ní raibh duine ar bith indon é fhághail uaidh. Chuir sí síos fán talamh é, faoí bhun an chrainn bhig, ac ní raibh fhios ag aoinne cá raibh sé.Má leag an bhean a lámh ar an bpota óir an t-am a bhfaca sí é, bhéidh sé le fághail aici, nuair a thiocfaidh sí ar ais. Ní bhfuair aoinne é go fóill, mar níl fhios acu an áit ceart a bhfuil sé.
- Collector
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 47
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway