Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ngach áit ann. Nuair a chonnaic sí iad rith sí go tapaidh. Thug sí ceangal bó amháin léithe. Nuair a shroich sí an pháirc chonnaic sí go raibh pota deas óír faoí bhun chrainn bhig. Bhí an oiread deifir uithi nár thóg sí an pota óír léithe.Do bhí an pota óir suidhte go deas faoí bun an chrainn. Thug sí fá dheara go raibh "tóg é agus béidh tú saidhbhir sgríobhta air. "Tógfaidh mé é nuair a bhéas na beithidhigh amuigh agam" ar sise léithe féin. Leis sin cheangal sí ceangal na bó don chrann a riabh an pota óir faoí sul a chuir sí amach na beithidhig, sa gcaoí go mbeadh fhios aici an áít a raibh sé.Nuair a bhí na beithidhigh amuigh aicí tháinig sé ar ais chun an t-ór d'fághail. Acht mo léan ní raibh tásg ná tuairisg dhe. Leis sin chonnaic sí go raibh ceangal bhó ar gach crann bheag a bhí sa bpáirc. D'fill sí abhaile go brónach gan an pota óir a bheith aici.'Sé an t-ainm a bhí ar an bpáirc sin "Páirc an Ghréasaidhe. Greasaidhe leipreachán deirtear a bhí in a chomhnuidhe ann, agus go raibh a lán airgead aige. Ní raibh duine ar bith indon é fhághail uaidh. Chuir sí síos fán talamh é, faoí bhun an chrainn bhig, ac ní raibh fhios ag aoinne cá raibh sé.Má leag an bhean a lámh ar an bpota óir an t-am a bhfaca sí é, bhéidh sé le fághail aici, nuair a thiocfaidh sí ar ais. Ní bhfuair aoinne é go fóill, mar níl fhios acu an áit ceart a bhfuil sé.
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe