Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. Galway
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Leathanach 279
- XML “Scéal Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí fear bocht in a chomhnuidhe i Dúithche Seoighe. Ní raibh se indon aon obair a dhéanamh, agus ní thiubhradh na daoine aon congnamh dó. Oidhche amháin chuaidh sé a chodhladh, agus ní raibh mar suipéir aige, ach cupán bainne.
Bhí brianglóid aige, agus cheap sé go raibh pota óir ar Droichid Luimneach. Bhí an brionglóid sin aige oidhche in a dhiaidh a chéile. An lá d'ár gcionn chuaidh sé go Luimneach. Casadh fear leis ar an Droichead. D'innis an fear bocht a sgéal dó.
Stad an fear ar feadh cúpla nóiméid agus annsin dubhairt sé go raibh bríongloid aige féin, agus cheap sé go raibh pota óir o móta i Dúithche Seoighe, agus go raibh sé faoí sceic geil, ar bhruach abhann. Bhíos ag an fear bocht go raibh an móta sin in a thalamh féin, agus dubhairt sé leis an bhfear gur imtigh an chrann le stoirm bliantaibh roimhe sin, mar bhí eagla air go mbeadh an fear eille ann roimhe féin, agus go mbeidh an pota óir aige.
Chuaidh an fear bocht abhaile go tapaidh, agus nuair shroich sé a theach féin chuaidh sé go dtí an móta. Thosuigh sé ag déanamh puill agus ní fada go dtáinig sé ar phota. Bhí an pota lán le óir agus bhí athas mhór ar an bhfear.
Tamall maith in a dhiaidh sin, tháinig tinncéir isteach san teach agus ar seisean "Is aisteach an rud atá sgríobhtha ar thaobh an phota sin. "Ní raibh an fear indon léigheadh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. Galway