Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)

Suíomh:
An Fhairche, Co. Galway
Múinteoir:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 468

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 468

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Fáirche
  2. XML Leathanach 468
  3. XML “Iníon na Baintrí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    isteach sean-bhean gránda. "Bhí tú ag gol a chailín" ars an bhean ach sníomhfaidh mé an líon duit má bhéarfaidh tú cuireadh dom cuig an mbain-fheis" "Bhéarfad agus fáilte" ars an cailín. Shuidh an sean-bhean síos ag an túirne. Chonnaic an cailín go raibh cos mhór aice. Ní raibh sé ibhfad go raibh an líon sníomhtha aice. Nuair a bhí sí reidh dubhairt an bhean gan a gealladh a briseadh Dubhairt an cailín nac mbhrisfeadh agus as go bráth leis an tsean-mnaoi.
    Níorbh fhada go dtáinig an bhainrioghain agus thug sí an cailín isteach i seomra eile. Annsin bhí seól agus snáithe agus d'órduigh an bhainrioghain dí lín-éadaigh a dhéanamh agus go dtiocfaidh sí ar ais sa tráthnóna arís agus amach leithe. D'féach an cailín ar an seol agus annsin ar an snáithe. Shuidh sí síos agus thosuigh sí ag gol. Niorbh fada gur chualaidh sí buille ag an doras Thiormuigh sí a súile agus shíl sé gurbh é an bhean leis an gcois móir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0501: The Three Old Women Helpers
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Maolruaidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    26
    Seoladh
    An Cheathrú Chaol, Co. Galway