Scoil: Clochar ar an bhFáirche
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. Galway
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Brighíd a h-ainmnigheadh é. Chaith sí tamall fada ann. Tá tobar ann fresin a bhfuil tobar Bríghade mar ainm air.Tá feilm mhór ag m'athair ann agus ni'l páirc no cnoc nach bhfuil a ainm féín air agus a míneaghadh féin le le cuile ceann aca.Ag seo cuid aca:Páirc an t-Sean-Tighe - Páirc a bhfuil sean teach ina lár a raibh daoine ina gcomhnuidhe ann fadó agus tá siad imthighthe anosi no b'fhéídir caillte, agus o'n lá sin go lá an láe indiu tá páric an tSean Tighe mar ainm air agus beidh go bráthGort na Tornóige. Páirc a bhfuil tornóg istig ina lár. Is minic a doighthear aol ann. Tá Gort na Tornóíge mar ainm air o'n tornóig sin.Garraidhe-an-Tobair. Páirc a bhfuil tobar breágh ann agus an lá is teóíthe sa mblian bíonn an t-uisge ag teacht aníos go tobann bead áthas ort deoch usige ól as go mór mhór sa Samhradh.Cnocán Flannail. Áit a raibh flannail agus Dann ina gcomhnuidhe fadó agus mar gheall ar sin a thugadh Cnocán Fhlannail air.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Shomacháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Shomacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mayo