Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)30. Nuair a thuiteann an súgh in a chrapacha síos an similéar bíonn báisteach air.31. Nuair a bíonn ceo leis an ghealach nua bíonn aimsear mhaith air.32. Nuair a théigheann an deatach suas díreach as an similéar bíonn aimsear bhreágh air.33. Nuair a bhíonn na spéartha dearg tuaidh agus theas bíonn droch-aimsear air.34. Nuair a bhíos loinnir an-mhór ins na carraigeacha is comhartha droch-aimsire é.35. Nuair théigheas na geabha fiadháine ó thuaidh tá sioc le teacht agus nuair a théigheann siad ó dheas tá báisteach air.36. Má feictear beach sa Márta deirtear go bhfuil droch-aimsear air.37. Nuair bhíonn na seangáin sgeacha ag dul thart ar an talamh bíonn aimsear bhreágh air.38. Má théigheann na faoilleáin ag folcadh sa loch sa samhradh tá báisteach air.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Liodáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. Galway