Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 437

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 437

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 437
  3. XML “Amhrán an Phoitín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán an Phoitín

    Ó nach deas an rud poitín sa tír seo, ¶ Is nach iomdha sort siamsa a bhíonn ann, ¶ Nuair a leigheasadh sé casacht na h-oidhce

    Ó nach deas an rud poitín sa tír seo,
    Is nach iomdha sort siamsa a bhíonn ann,
    Nuair a leigheasadh sé casacht na h-oidhche.
    Is díreóchadh sé an sean-duine cam.
    Is nach deas an rud buideal de lionta,
    Le tabhairt go fear siamsa in a láimh,
    Is nach minic a rinneamar lá saoire,
    Thart timpeall an áit a mbíodh se ann.
    Is bhí baintreabhach thiar i mBun Inbhir,
    Is ní raibh aici acht aon chaoirín amháin,
    Cheannuigh sí bairrile síl, ag súl is go ndeantaoí ní b'fhearr
    Níl ann acht go raibh sé ag teacht timcheall,
    Nuair a tháinig Seán Dubh ar an tsráid.
    Is a Sheáin Dhuibh nár bhfeicidh Dia an t-ádh ort
    Is nár chorrochaidh tú an mhí bhfuil tú ann.
    Ní shéidfeadh deatach do phíopa,
    I múta, poll trínsa ná gleann,
    Nach dtiocfadh Seán Dubh sa meadhon oidhche
    Agus nach deacar dúinn braon ar bith d'fhághail.
    Bhí póilís deas sásta sa gcillín
    Ná go dtáinig Seán Dubh in-a gceann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge