Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 465

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 465

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 465
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'éírigh sé agus do chuaidh sé go dí an áít agus b hí an sagart ann agus cúpla duine eile. D'fhiafruigh an sagart de cé dubhairt leis go raibh sé féín annseo mar cheap sé nach raibh fhios ag aon duine go raibh sé ann ach amháín na daoine a bhí leis. Dubhairt an fear leis gur briongloid a bhí aige go raibh sé ann. D'fhaifruigh an sagart de ar casadh aon duine leis ar an mbealach agus d'fhreagair sé nár casadh leis ach luch mhór. D'fhiafruigh an sagart de an dteasbánfadh sé dó an áít a chonnaic sé é agus teasbán. Chuir an sagart an stól air agus thosuigh sé ag léígheamh agus nuair a bhí sé sgathimh ag léigheamh do ghlaodh sé agus tháínig an luch mhór chuige agus d'fhiafruigh sé de an é a chuir an briongloid chuig an bhfear seo agus dubhairt sé gurb b'é. D'fhiafruigh an sagart de ce'n fáth a rinne sé sin. Dubhairt sé go raibh sé le briongloid mhaith a chuir chuighe i dtosach agus annsin go gcuireadh sé droch-bhriongloid chuige. Annsin dhíbir an sagart é agus dubhairt sé leis an bhfear gur b'shin é an diabhal agus go raibh sé i bhfoirm luiche. Annsin chuaidh an fear agus an sagart go dtí an Sgailp arís agus do léigh sé an t-Aifreann. Bhí an fear sásta annsin agus d'imthigh sé abhaile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Chonaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    78
    Seoladh
    An Cloigeann, Co. na Gaillimhe