School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Location:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Teacher: Míchéal Ó Reachtabhra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Page 188
- XML “Filí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí filí [“file”] ann fadó, sé an t-ainm a bhí air ná Tom Tast, bhíodh sé ag déanamh sagairt dó féin agus ag pósadh bean agus fear agus nuair a bhíodh siad pósta aige dhéanadh sé amhrán díobh.
Bhí file eile ann fadó sé an t-ainm a bhí air ná Máirtín Ó Laoi. Bhí sé féin agus fear eile ag déanamh amhráin fadó istigh i dteach agus chlis ar Mháirtín. Chuaidh sé amach agus rinne sé amhrán faoi’n gealach.
Rinne Máirtín amhrán faoi fataí ar a dtug na daoine seaimpíní orra an chéad uair a tháinic siad go h-Éirinn.
Chuaidh beirt fhear ag tórramh a’ Chaisleán Geárr as Baile an Dubhlaoich fear acu, shíl na daoine go mbeidh an-spóirt acu. Nuair chonnaic siad iad ag teacht. Níor labhair an bheirt fhear le na chéile i gcaitheamh na h-oidhche. Nuair a bhí siad ag dul abhaile, dubhairt an fear as(continues on next page)- Informant
- Máire Bean Uí hÓgáin
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Coill Uachtair, Co. Galway