Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. Galway
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal NaomhthaAon lá amháin bhí an Maighdean Mhuire ag tobar i gcoinne uisge. Tháinic aingeal chuici agus dubhairt sé go mbéadh sí n-a máthair ag Dia. Bhí a h-athair tinn agus nuair a tháinic sí abhaile dubhairt sí go mbéadh sí n-a máthair ag Dia. Dubhairt a h-athair leí cromadh síos agus póg a thabhairt dó agus thug. Annsin pósadh an Maighdean Mhuire agus naomh Íoseph.
Aon lá amháin bhí siad amuigh ag siubhal agus tháinic siad go dtí gort oráiste. Chuir an Maighdean Mhuire dúil ionnta, dubhairt sí le Naomh Íoseph cuid aca a bhaint, acht ní bhainfeadh sé aon ceann, tháinic gaoth mhór agus lúb an chrann anuas agus bhain sí cuid. Aon oidhche amháin bhí brionglóid ag an Maighdean Mhuire faoi Íosa. Seo é an rud a dubhairt sí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí hÓgáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Dúlaigh, Co. Galway