Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann uair amháin agus bhí mac aicí. Lá amháin thug an mac pighinn isteach di agus níor dhubhairt sí tada leis. Annsin chuaidh an mac go tír eicínt eile agus ghoid sé go leor airgid. Cuireadh isteach sa bpríosún é. Nuair a tháinig sé amach thosigh sé ag goid aríst. Nuair a bhí sé ag dul amach as an teach seo leis an airgead rug fear an tighe air.
Annsin tugadh ó's comhair na cúirte é agus daoradh é. Nuair a bhíodar ag dul dhá chrocadh d'iarr sé cead a labhairt isteach i gcluais a mháthar agus céard a dhéanfadh sé acht an cluas do bhaint dí agus dubhairt sé is tusa is cionntach le mo bháis indiu.- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Galway