School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Page 356
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé i bpríosún. Lá amháin tháinig a bhean taobh amuigh agus thosuigh sí ag caoineadh. Do bhreanuigh an fear amach ins an bhfuinneog agus dubhairt sé nach raibh aon mhaith i caoineadh. Dubhairtan fear léithe ciaróg a fhághail agus píosa ime a chuir ar a shróin agus córda tanuidhe a chur ar a chos agus píopa a cheangal do'n chórda agus (?) a cheangal do'n rópa agus an ciaróg a fhágáilt ar an mballa.
Thosuigh an ciaróg ag dul suas nuair a fuair sé baladh an ime agus bhí sé ag tarrainge an córda go ndeachaidh sé suas go dtí an fear. Rug an fear ar an gcórda agus tharraing sé é go bhfuair sé greim ar an (?) do ghearr sé an t-iarann leis an (?) agus do cheangal sé an rópa ar a chom agus do lig sé é éin síos.- Informant
- Máirtín Ó Fátharthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Mhóinín Thiar, Co. Galway