School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Page 380
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)raibh Bran isthigh sa loch, chuaidh sé síos faoi'n uisce agus d'fan sí ann ó shoin.
- Sgéal
Do bhí an Mhaigdhean Mhuire amuigh le tuitim na h-oidhche uair. Bhí an oidhche ag báisteach go h-an trom agus bhí an ghaoth ag séideadh an tséail do bhí thart uirrí féin agus ar an Mac. Ní raibh sé acht i n-a Naoidheanán ins an am sin. Do bhí an bheirt aca báidhte fliuch. Do bhí sí ag siubhal go dtáinigh sí go bothán do bhí ar taoibh an bhothair.
Do réir mar bhí sí ag teannadh leis an mbóthán chuala sí torann, torann mar bheadh duine ag bualadh stán le casúr. Ní raibh sé in-a oidhche baileach, is ní raibh an doras dúnta. Do sheas sí ag an doras gur bheannuigh isteach. Tinncéir do bhí ag déanamh báisín do bhí istigh. D'iarr sí ar son Dé a ndéanfadh sé biorán dí do chongbhóchadh a seáil thart uirthi féin agus ar a leanbh.
Do bhí an tinncéir mí chéadfach mí-mhúinte léithi agus dubhairt sé léithi imtheacht, go raibh rud eicínt le déanamh aige seacas do bheith ag déanamh biorán do chuile duine do rachadh an bealach. D'imthigh sí léi brónach go leor. Do bhí sí ag siubhal go dtáinig sí go dtáinig sí [!] go ceárdcha. Do bhí an gabha istigh ag séideadh na mbolg ins an am. Do chuir an Mhaighdean Bheannuighthe bail ó Dhia ar an(continues on next page)