School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 364

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 364

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 364
  3. XML “Postaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    as an mbuidéal fuisce agus diarraidís go Thomáis bhfuil aon gloine annsin agat
    Bhéadh Tomás ag cuartughadh go bfuigeadh sé gloine i n-áit éigin ar an driosúr agus shíneadh ag fear an bhuidéil í. Lionfadh fear an bhuidéil an gloine annsin. D'ólfadh sé féin an céad gloine agus thiubhradh sé an dara gloine dhá comráidhe agus thiubhradh sé an tríomhadh ceann annsin go Thomás. Thosuig an seanchas annsin agus líon sé (aríst) gloine eile aríst. "Do shláinte a Thomáis tháinig mé annseo anocht ag iarraidh t-inghean le mac mo dhearbhráthar mar bhí meas mór agam ariamh ort féin agus ar do mhuinntear" Tá sin le fághail agat is fáilte" "sé sin mar a mbeidh tú ag iarraidh spré an mhór". Ní bhéimíd nach a mbhéidh tú indon a thabhairt dúinn". "Ar fheabhas" adeir Tomás "An inghean deireadh a phós liomsa sé an spré a thug mé de sgór punt agus bó. Nó an mbeidh sibh sásta leis sin."
    "Ó beidh" adeir na dá theachtaire. Thaitnigheann an sgéal sin linn le tabhairt abhaile ag an bhfear óg. Beidh áthas mór air nuair a thiubhras muid abhaile an sgéal nuaidh aige. D'ól siad gloine eile annsin an duine. Chuir Tomás agus a bhean síos tae dóibh annsin. Bhí bord deas aca arán, im, agus uibheacha agus cuideachta in-a theannta agus nuair bhí píosa seanchais déanta aca, cheap siad amach oidhche le h-aghaidh an cleamhnais agus tháinig siad féin, agus an buachaill óg, agus a athair agus comhursanaí leis, an oidhche Dé Luain dhá gcionn agus bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó hÍornáin
    Gender
    Male
    Age
    45
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Foraí Maola, Co. Galway