School: Cloonacool (roll number 4802)

Location:
Cloonacool, Co. Sligo
Teacher:
Seán Ó Blioscáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0171, Page 098

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0171, Page 098

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cloonacool
  2. XML Page 098
  3. XML “Muckelty Hill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I ndeisceart Co. Shligigh tá trí cnuic mar atá Cnoc Ceise, Cnoc Mucaltaigh agus Cnoc na Sidhe. Tá siad in aon líne amhain beaga. Ceis ag ceann amaín, Cnoc na Sidhe ag an gceann eile agus Mucaltaigh sa lár. Cnoc usal seadh Cnoc na Sidhe, cuma cruinn air, talamh fheármar ar a chliatháin agus ar a bhárr. Níl Ceís chomh feármar ná chomh h-áluinn ach tá sé maordha ina shlighe féin. A mhalairt ar fad de chnoc atá i Mucaltaigh - gan ag fás air ach feár garbh, fraoch agus raithneach. É mi-cumtha agus gan áilneacht ar bith ag baint leis. Tá dhá mheall ann, meall mór agus meall beag agus sgoilt neamh-dhoimhin eatorra. Cé mar tharla don chnoc mi-chumtha, gránda so bheith sa lár eadar an dhá cheann uasail eile? Ag Domhnall mac Domhnaill do bhí na chomhnuidhe i dTobar a’coire caoga bliadhain ó shoin bhí a fhios sin. Agus tuige nach mbeádh? Nár rugadh agus tógadh é fé scáth Cnuic Ceise agus muna mbeádh an fhírinne aige-sean cé aige go mbeádh sí? Seo mar tharla do Cnoc Mucaltaigh a bheith mar a bfhuil sé anois: fad ó riamh bhí dhá árus ag na sídheogaibh san taobh theas den condae seo - bhí ceann aca i gCeis agus an ceann eile fá Chnoc na Sidhe. Thainig fonn athrú ar rí na sidhe - bhfearr leis aon phálás mór bhreagh a bheith aige ná dhá ceann gréasunta maith. Seadh, chuirfeadh sé Cnoc Ceise ar bhárr Cnoc na Sidhe agus annsin bheád aige pálás gur fiú pálás a thabhairt air. Ach bh fhusa a radh ná a dhéanamh. Tá a lán cumhacht ag na sidheogaibh ach atá fhios ag an saoghal nach bfuilíd láidir. Cé mar d’eireóchadh leo cnoc mór Ceise
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish