School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)

Location:
Dún Chaoin, Co. Kerry
Teacher:
Muiris Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 011

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 011

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Gobnait
  2. XML Page 011
  3. XML “Fear Maraithe Céad d'Aon Bhuille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D'eirig an figheadóir amach chuige agus a staf iarainn aige agus dúbhairt sé leis stad don obair sin. Nuair a chonnaic an fathach cé bhí ann chun é stop, do rug sé ar chloich mhóir agus thairrig amach as an bhfalla í agus chimil idir a dhá bhais í, agus do dhein sé grean di.
    "Sin é anois mar deunfad grean ded' cnámha-sa" ar seisean.
    D'iompuig an figheadóir ar an bhfalla agus do rug ar chloich eile ach do sgaoil i gan-fhios de'n bhfathach tar falla í, lé 'na línn sin do thóg sé dorn de'n ngruith amach as an mealbóig agus dúbhairt sé go b'fhin é mar dheunfadh sé gruth mion dá chnámha mara stadfadh sé, "mar" ar seisean, "bíodh fhios agat gur mise fear marbhuighthe ceud d'aon buille" agus teasbáin sé a staf do.
    "Ó! Dia linn," arsan fathach, "leig dom féin agus téanam abhaile liom agus tabharfad leath mo ríoghachta dhuit agus é go léir ó lá mo bháis."
    Mar sin do bhí agus d'imthig sé leis agus chuadar go dtí tig an fhathaigh agus do bhí seana-chailleach de mháthair mar coimeádaí tíghe ann.
    Sé an cheud rud d'iarr sé (an fathach) ar an bhfígheadóir a dhéanamh ná dul ag triall ar uisge i dteannta an fhathaig lé dramhlaigh (dubhach). Ceann mór iarainn do b'eadh é go raibh dhá chluais air agus cró mór iarainn sáidhte tríd an dá chluais sin chun go mbeurfadh duine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    AT1045: Pulling the Lake Together
    AT1062: Throwing the Stone
    AT1088: Eating Contest
    AT1640: The Brave Tailor
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    52
    Occupation
    Iascaire
    Address
    Gleann Loic, Co. Kerry