School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)
- Location:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Teacher: Muiris Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)acu, ar gach aon cheann de, ach bhí an maide iarainn sin ró throm do'n bhfígheadóir féin gan an drabhlach a bhac, ná raibh ann.
"An bhfuil aon t-seana rann agat?" arsan fígheadóir. "Má tá, tabhair chúgham í.
"Cad ab'áil leat di" arsan fathach.
Chun go leigfinn anuas an loch agus nar ghádh dhúinn a bheith suas agus anuas gach lá chúiche," arsa fígheadóir go neamh-balbh.
"Ná dein," arsan fathach, "leig di féin mar do bháthfadh sí istig sa tig sin dá ndeunfá é sin," agus do rug sé féin ar an ndrabhlaig agus do bhuail ar a ghualainn é agus do thug abhaile lán d'uisce é.
Bhí san go maith agus ní raibh go h-olc agus an figheadóir bocht go sásta ach chuadar chun dinnéir i dteanna chéile. Leite a bhí chun dínnéir acu - lán a drabhlaig. Chuir an seana-chailleach ar an mbórd chuchu dhá mhéus mhóire agus dhá shluasaid mar spionóga chúchu chun í d'ithe. D'itheadar a ndóthain di - lán méise an fathach agus d'fhollamhuig an fígheadóir an tarna meus ach ní 'na bholg a chuaidh sí ach síos sa mhealbhóig i ganfhios de'n bhfathach.
"Ó! arsan fathach. "Ní haon h-iongadh dhuit a bheith láidir agus an méid a d'itheann tú."
"Seadh anois," arsan fathach, "Cad é an cleas is maith leat tréis do dhinnéir?"(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Iascaire
- Address
- Gleann Loic, Co. Kerry