Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 011](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0418%2FCBES_0418_011.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 011
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'eirig an figheadóir amach chuige agus a staf iarainn aige agus dúbhairt sé leis stad don obair sin. Nuair a chonnaic an fathach cé bhí ann chun é stop, do rug sé ar chloich mhóir agus thairrig amach as an bhfalla í agus chimil idir a dhá bhais í, agus do dhein sé grean di.
"Sin é anois mar deunfad grean ded' cnámha-sa" ar seisean.
D'iompuig an figheadóir ar an bhfalla agus do rug ar chloich eile ach do sgaoil i gan-fhios de'n bhfathach tar falla í, lé 'na línn sin do thóg sé dorn de'n ngruith amach as an mealbóig agus dúbhairt sé go b'fhin é mar dheunfadh sé gruth mion dá chnámha mara stadfadh sé, "mar" ar seisean, "bíodh fhios agat gur mise fear marbhuighthe ceud d'aon buille" agus teasbáin sé a staf do.
"Ó! Dia linn," arsan fathach, "leig dom féin agus téanam abhaile liom agus tabharfad leath mo ríoghachta dhuit agus é go léir ó lá mo bháis."
Mar sin do bhí agus d'imthig sé leis agus chuadar go dtí tig an fhathaigh agus do bhí seana-chailleach de mháthair mar coimeádaí tíghe ann.
Sé an cheud rud d'iarr sé (an fathach) ar an bhfígheadóir a dhéanamh ná dul ag triall ar uisge i dteannta an fhathaig lé dramhlaigh (dubhach). Ceann mór iarainn do b'eadh é go raibh dhá chluais air agus cró mór iarainn sáidhte tríd an dá chluais sin chun go mbeurfadh duine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Loic, Co. Chiarraí