Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 012](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0418%2FCBES_0418_012.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 012
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acu, ar gach aon cheann de, ach bhí an maide iarainn sin ró throm do'n bhfígheadóir féin gan an drabhlach a bhac, ná raibh ann.
"An bhfuil aon t-seana rann agat?" arsan fígheadóir. "Má tá, tabhair chúgham í.
"Cad ab'áil leat di" arsan fathach.
Chun go leigfinn anuas an loch agus nar ghádh dhúinn a bheith suas agus anuas gach lá chúiche," arsa fígheadóir go neamh-balbh.
"Ná dein," arsan fathach, "leig di féin mar do bháthfadh sí istig sa tig sin dá ndeunfá é sin," agus do rug sé féin ar an ndrabhlaig agus do bhuail ar a ghualainn é agus do thug abhaile lán d'uisce é.
Bhí san go maith agus ní raibh go h-olc agus an figheadóir bocht go sásta ach chuadar chun dinnéir i dteanna chéile. Leite a bhí chun dínnéir acu - lán a drabhlaig. Chuir an seana-chailleach ar an mbórd chuchu dhá mhéus mhóire agus dhá shluasaid mar spionóga chúchu chun í d'ithe. D'itheadar a ndóthain di - lán méise an fathach agus d'fhollamhuig an fígheadóir an tarna meus ach ní 'na bholg a chuaidh sí ach síos sa mhealbhóig i ganfhios de'n bhfathach.
"Ó! arsan fathach. "Ní haon h-iongadh dhuit a bheith láidir agus an méid a d'itheann tú."
"Seadh anois," arsan fathach, "Cad é an cleas is maith leat tréis do dhinnéir?"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gleann Loic, Co. Chiarraí