School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
![The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 114](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0418%2FCBES_0418_114.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 114
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 114
- XML “An Mhaighdean Mhara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Lá amháin bhí an fear ag obair sa ghort. Dearmhad sé rud éigin a bhí sa chomhartha ina raibh an brat fé ghlas aige. Chuaidh sé abhaile ar a lorg agus níor dhein sé puinn moille. Leis an bhfotharaga a bhí air d'fhág sé an brat ar an dtalamh.
Chómh luath a's a chonnaic an bhean an brat siúd léi fá na déin agus sciob sí léi é. Phóg sí a ceathrar leanbh agus dubhairt le na fear aire mhaith a thabhairt dóibh mar go raibh sí féin ag dul go dtí na muinntir.
Bhí an fear ag impidhe uirthe fanacht, ach níor bh'aon mhaith dhó a bheith léi. Síos chun na trágha léi go scléipeach agus d'imigh ó amharc imeasc na dtonntracha gorma. Chaith an fear dul abhaile go brisde croidheach agus aire a thabhairt dá cheathrar leanbh. Níor fhill an bhean in aonchor chuige, cé go raibh a shúil anáirde léi gach lá.- Informant
- Muiris Ó Conchubhair
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- c. 65
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry