Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lá amháin bhí an fear ag obair sa ghort. Dearmhad sé rud éigin a bhí sa chomhartha ina raibh an brat fé ghlas aige. Chuaidh sé abhaile ar a lorg agus níor dhein sé puinn moille. Leis an bhfotharaga a bhí air d'fhág sé an brat ar an dtalamh.
Chómh luath a's a chonnaic an bhean an brat siúd léi fá na déin agus sciob sí léi é. Phóg sí a ceathrar leanbh agus dubhairt le na fear aire mhaith a thabhairt dóibh mar go raibh sí féin ag dul go dtí na muinntir.
Bhí an fear ag impidhe uirthe fanacht, ach níor bh'aon mhaith dhó a bheith léi. Síos chun na trágha léi go scléipeach agus d'imigh ó amharc imeasc na dtonntracha gorma. Chaith an fear dul abhaile go brisde croidheach agus aire a thabhairt dá cheathrar leanbh. Níor fhill an bhean in aonchor chuige, cé go raibh a shúil anáirde léi gach lá.- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Conchubhair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 65
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí