School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ná faghaltas na páirce in ar marbhuigeadh ann an fiadh,
Ná'r tháinig dos na bádaibh ó Carlamont le bliain
Is gan trácht thar mhnáibh deasa Bhaile Rocha Riabhach
V
Mo chráidhteacht nár fágadh me marbh ar an sliabh
Is mo láimh dheas anáirde á stracadh ag an bhfiach,
A chúilín fáinneach ba bhréagtha ná an ghealach
Is ná an ghrian,
Nárbh é an bás a bhí i ndán duit, is mise bheith id' dhiaidh.
VI
Ach a chogaraigh glac socaracht is ceannsacht tríd,
Tá an Nodhlaig in ár bhfocair is an Cháisc le na taoibh,
Caoire geala fé na lomraí, ba gamhna is laoigh,
'Gus cead codhladhta go socair deas le grádh geal do chroidhe.Nóta: Beirt díleachtaighthe dritheáir is drifiúr a bhí i ceist. Scaradh ó chéile nuair a bhíodar óg a's níor fhan aon aithne a chéile. Thárla gur casadh ar a chéile i Sasana iad nuair d'fásadar suas agus chuireadar i ngrád le chéile, gan fhios acu gur dritheáir is drifiúr iad.