Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 127

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 127

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 127
  3. XML “Bhí Aon Drifiúirín Amháin agam”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ná faghaltas na páirce in ar marbhuigeadh ann an fiadh,
    Ná'r tháinig dos na bádaibh ó Carlamont le bliain
    Is gan trácht thar mhnáibh deasa Bhaile Rocha Riabhach
    V
    Mo chráidhteacht nár fágadh me marbh ar an sliabh
    Is mo láimh dheas anáirde á stracadh ag an bhfiach,
    A chúilín fáinneach ba bhréagtha ná an ghealach
    Is ná an ghrian,
    Nárbh é an bás a bhí i ndán duit, is mise bheith id' dhiaidh.
    VI
    Ach a chogaraigh glac socaracht is ceannsacht tríd,
    Tá an Nodhlaig in ár bhfocair is an Cháisc le na taoibh,
    Caoire geala fé na lomraí, ba gamhna is laoigh,
    'Gus cead codhladhta go socair deas le grádh geal do chroidhe.
    Nóta: Beirt díleachtaighthe dritheáir is drifiúr a bhí i ceist. Scaradh ó chéile nuair a bhíodar óg a's níor fhan aon aithne a chéile. Thárla gur casadh ar a chéile i Sasana iad nuair d'fásadar suas agus chuireadar i ngrád le chéile, gan fhios acu gur dritheáir is drifiúr iad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge