School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 129

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 129

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 129
  3. XML “An tSiamhá”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Ó níl aon mhac agamsa le tabhairt duit" ars an fear.
    "Ní beidh tú mar sin" ars an tSíamhá . Beidh mac agat fé cheann bliana.
    Fágadh mar sin an scéal agus bhuail an fear an bóthar aníos agus chuaidh sé abhaile do féin. Bhí cliabh éisc aige. Bhíodh cliabh agus dhá cliabh éisc aige agus ualach éisc gach lá as san amach.
    Tar éis trí ráithe saoghaluigheadh mac dhó. D'eirigh an mac suas ina bhuachaill breágh go dtí go raibh sé bliadhain a's fiche.
    Bhí scannradh an domhain ar an athair roimis an Siamhá, mar bhíodh sé ag cuimhneamh uirthi i ngan fhios do'n tsaoghal. Bhí sé suidhte ar chathaoir sa chistin tráthnóna a's é go buadhartha dubhrónach. Thug an mac fé ndeara é agus d'fhiafruig an mac dhó cad é an míd-shásamh a bhí air.
    "Ta mo dhá dhóithin mídh-shásaimh orm" arsa an t-athair. "Ó a athair innis dom é nó ní bhead sásta go deó airís" "A leithéad seo" arsa an an t-athair agus d'eachtraigh sé do'n mac scéal an tSíamhá tríd síos.
    "Ná bíodh buadhairt ná aon rud ort a athair" ars an mac; "Ní thiocfaidh sí sin go deo ag triall ormsa. Baileóchad-sa liom ar maidin amáireach tríd na mbailte móra suas. Geallaim duit nach baoghal domsa í agus ná bí ag cuineamh uirthi."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0316: The Nix of the Mill‑pond
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Chéarna
    Gender
    Female
    Age
    c. 80
    Address
    An Blascaod Mór, Co. Kerry