School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 130
  3. XML “An tSiamhá”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí sé ag siubhal roimis annsan fé mar adubhairt sé. D'fhéach sé tharais síos fá dhéin trágha lá, agus chonnaic sé scata éan ar bharra taoide agus iad ag stracadh a's ag stolladh a chéile.
    "Tá's ag an saoghal go raghad síos chúcha" arsan mac. "Cé nach maith dhom druideamh leis an bhfarraige." Rith sé síos. Seabhac na faille fuaire, an chaobach agus an rón a bhí thíos agus sean-chroiceann á stracadh ó na chéile acu, agus crut míreáirea? ar an rón. Rug sé ar a sciain, agus dhein sé trí cada do'n gcroiceann, agus thug a chuid féin do gach ainmidhe? acu.
    "Ó go deimhin" arsa seabhac na faille fuaire pé áit a bhearfhaidh greim cruaidh ort a gharsúin glaoidh ormsa agus ní baoghal ná go bhfóirfhead ort."
    Dúbhairt an rón agus an chaobach an rud céadhna leis.
    D'imigh an garsún suas fé'n mbaile agus bhuail sé isteach i gcúirt mhór. Bhí triúr do chailíní breághtha sa chúirt agus bhíodar le pósadh i gceann seachtmhaine.
    Nuair a chonnaic an ceann óg acu an buachaill chuaidh sí go dtí na hathair a's dubhairt - "Chuirfeadsa moill ar mo láimh. Ní phósfad go ceann tamaill toisc an gaige so a theacht ar cuaird chúgainn.
    Chuaidh sí go dtí an ngaige a's dubhairt sí leis -
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0316: The Nix of the Mill‑pond
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Chéarna
    Gender
    Female
    Age
    c. 80
    Address
    An Blascaod Mór, Co. Kerry