School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 198
- XML “Éamonn Mhágáine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní fios cé chúm an t-amhrán seo ach is fada 'á chanadh ag na sean daoine ins an mBloscaod agus ins an mBailte tímcheall air.I
Idir Chorcaig a's Dubhglas seadh do dhearcas an cúilfhionn,
Maidean chiúin drúchta is í im choinnibh sa ród,
Leagas-sa chúgham í ar lanntáinín dúbh-glas
Agus ailliliú dubhairt sí an ar buille taoi a stór.
II
Seacht seachtmhaine ó'n lá san seadh do casadh mo ghrádh liom,
Go ciúin banamhail náireach is í im choinnibh sa ród,
Do labhair sí go tláth liom, ar an gcómhrádh is mó a chráidh me
Is do dhein sí liom gáire is céad míle póg.
III
Sé fháth mo dhí-chéille fé ndeara dom féinig,
Tú a luadhchaint liom mar chéile a ógánaig óig
Mar ná raibh aon bhuachaill ciúin tréitheach i mbun gabhar ná i mbun chaorach
Ná go dtógfhadh me im léintín, lag singil mar táim.
IV
Mo chreach is mo chráidhteacht nuair a eireóchad sa amáirea[ch](continues on next page)