School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 197
- XML “Scéal Púcaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus dhúisig sé é. Dubhairt an ciomádaidhe leis nár ghádh dho teacht mar ná fágfhadh sé féin a chapall in aon droch áit.
D'imthig an fear ar an mbóthar abhaile agus ar an slighe chonnaic sé ceathrar ag iomchur cómharthan ar a nguailne. Leig sé tharais iad agus níor chuir sé isteach ná amach ortha.
Chuaidh sé abhaile agus chuir sé a chapall ar stábla. Do bhí trí cinn do bha istig in aonfhacht leis an gcapall. Ní fada a bhí sé na chodhladh nuair a chuala sé ceann dos na ba ag béicig. D'eirig sé agus do las sé blúire giúise ach ní fheaca sé faic. Chuaidh sé a chodhla agus chuala sé airís an glór.
D'eirig sé agus las sé solus agus seadh a bhí fear mór fada sínte treasna na teine. Thug sé fé ndeara go raibh órdóg mhór fada air. Do chuir sé an tlú 'on teine agus nuair a bhí sé dearg thóg sé amach é agus bhuail sé ar órdóig air é. Dhein an fear trí bhéic móra agus do bhuail sé an doras amach. Chuaidh an fear a chodhla agus ní fheaca sé faic as san amach ná níor chuala sé tásc ná tuairisc ar an mbean ná ar an bhfear mór as san amach.- Informant
- Gobnait Ní Ghuithín
- Gender
- Female
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry